Bhí scaifte mór i láthair ag Ionad Eileen Howell, Ceanncheathrú Naomh Comghall, ar Bhóthar na bhFál nuair a tháinig an Iar-Modhnóir ar an Eaglais Preispitéireach in Éirinn, an Ro-Oirmhinneach an Dr John Fitzpatrick, an dara eagrán do leabhar Forbairt Feirste ar stair na preispitéireach i mBéal Feirste a lainseáil.

D’imigh gach cóip den chéad eagrán a foilsíodh é i 2023 le linn tionscadail ‘Ceiliúradh Caomhnóireachta’ agus, a bhuíochas le cúnamh fial ón Heritage Lottery, bhí Forbairt Feirste ábalta eagrán úr l’ábhar úr a chur i gcló.

Leabhar dhá-theangach atá ann le sliochtanna ón staraí Tom Hartley, Iar Ard Mhéara Bhéal Feirste, an Oirmhinneach Jim Stothers, Cumann Staire an Eaglais Preispitéireach in Éirinn agus an Oirmhinneach David Moore ón Tionólann, Cuallacht Preispitéireach Iarthar Bhéal Feirste.