Foireann - Meet The Team

Foireann - Meet The Team

Jake MacSiacais - Stiúrthóir (Director)


Brúigh an nasc thuas le r-phost a sheoladh chugam.

Is fear posta é Jake MacSiacais a bhfuil cúigear páistí aige. Rugadh i dTuaisceart Bhéal Feirste é ach tá an chuid is mó dá shaol caite aige in iarthar na cathrach. Tá sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Forbairt Feirste ó bhí 2004 ann, agus tá sé mar stiúrthóir deonach ar roinnt eagraíochtaí, Fáilte Feirste Thiar agus An Cheathrú Ghaeltachta Teo ina measc. Bhíodh sé ina chomhalta ar Foras na Gaeilge agus tá sé ina ghobharnóir ar Choláiste Feirste.

Tá an-dúil aige sa stair áitiúil.

Jake MacSiacas is a married man with five children. Born in North Belfast, he has spent most of his life in the west of the city. He has been Director of Forbairt Feirste since 2004, and is a voluntary director of a number of organizations, including and An Cheathrú Ghaeltachta Teo. He is a former member of Foras na Gaeilge and is a governor of Coláiste Feirste.

He loves local history.

Piarais Mac Alastair - Oifigeach Tionscadáíl


Is gníomhaí pobail é Piarais Mac Alastair.
Is iardhalta é ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin agus Coláiste Feirste.
D’fhreastál sé ar Ollscoil Uladh I gCúl Rathain, áit ar bhain sé céim amach in 2012.

Is ball bunaithe é ar Ghlór an Tuaiscirt, eagraíocht pobail in Ard Eoin.
Oibríonn sé go lán-aimseartha mar oifigeach tionscadail le haisínteacht forbartha Gaeilge na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste.

Piarais Mac Alastair is a community activist from Ardoyne.
He is a former pupil of Bunscoil Bheann Mhadagáin and Coláiste Feirste.
He attended University of Ulster and completed his degree in Irish Language & Literature in 2012.

He is also a founding member of Glór an Tuaisicirt an Irish- Language community group based in Ardoyne.
He currently works full-time as Project Worker with Gaeltacht Quarter Irish Language development Agency, Forbairt Feirste.

Tarlach Ó Branagáin - Riarthóir (Administrator)


Rugadh agus tógadh Tarlach in Ard Eoin i dTuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil cónaí air ar fad. Fuair sé a chuid oideachais i scoil Naomh Gabriel agus in Ollscoil Uladh, áit ar fhoghlaim sé a chuid Ghaeilge. Tá Tarlach ag obair go lánaimseartha i saol na Gaeilge ó bhí 1997 ann. Tá sé ag feidhmiú mar riarthóir oifige ag Forbairt Feirste ó bhí 2005 ann. D’oibrigh sé roimhe seo ag roinnt eagraíochtaí Gaeilge, Glór na nGael agus Lá Nua ina measc. Is aistritheoir gairmiúil é Tarlach agus teagascann sé ranganna oíche Gaeilge ar fud Bhéal Feirste.

Tarlach Ó Branagáin was born and raised in Ardoyne in North Belfast where he still lives. Tarlach was educated at St Gabriel’s High School and at the University Of Ulster, where he acquired his Irish. Tarlach has been working in the Irish Language sector since 1997. He has been Forbairt Feirste’s administrator since 2005. Tarlach has worked in various Irish Language organisations including Glór na nGael and Lá Nua. Tarlach is a professional translator and teaches Irish Language classes throughout Belfast.